Chuaigh Mé 'na Rosann X:1 T:Chuaigh Mé 'na Rosann M:3/4 L:1/8 K:Dm F2E2D2|F2G2A2|d4c=B|cd3D2|F3E FG|A4d2| d2c2A2|G2F2G2|A4AG|FD3GF|D4D2|D4DE|| W: W: Chuaigh Mé 'na RosannChuaigh mé 'na Rosann ar cuairt W: Gur bhreathnaigh mé uaim an spéir W: Is thart fá na h-oileáin ó thuaidh W: Mar eilit agus cú 'na diaidh W: W: Sé dúirt gach duine fá'n chuan W: Nuair a tharlaigh mé anuas fá'n chéidh W: Nach maith a aithním ar do ghruaim W: Gur fear thú a bhfuil a' tóir 'do dhiaidh W: W: Casadh dom a' cailín deas óg W: Ach má casadh 'sí a labhair go gar W: Má's fear thú a bhain do mhnaoi óig W: Cha mholaim rómhór do thrade (cheird) W: W: Chonnaic mé fear ar thír mór W: 'S é ag siúl gan bhróg inné W: Is dóigh liom gur thusa 'n fear óg W: 'S go bhfuil ort an tóir 'do dhiaidh W: W: D'fhreagair mé 'n ainnir dheas óg W: Ghlac sí go mór mo scéal W: Stad de do mhagadh níos mó W: Nó ní duine den tseort sin mé W: W: Ach suigh thus' anall 'e mo chóir W: Is bí thus' ar aon nós lion féin W: Nó rachaidh mé os coinne do shrón' W: Amach go tír mór le léim W: W: Thit muid i dtuirse 's i mbrón W: Is d'fhiafraigh an óig-bhean díom W: Cá bhfuigheas muid gloine le h-ól W: A thógfas an brón d'ár gcroí? W: W: Tá teach beag ar leath-taoibh an róid W: Agus coinníonn sé i gcónaí braon W: Gabh thusa 'gus rappail an bord W: 'S ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin W: W: Tharlaigh muid 'steach i dtoigh 'n óil W: Agus b'fhaiteach go leor mé le suí W: Ar eagla go dtiocfadh an tóir W: Is go mbainfí an óig-bhean díom W: W: Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir W: Is mheas mé gur chóir dúinn suí W: Sé dúirt sí: Bí thus' ag gabháil cheoil W: 'S ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin W: W: Cha rabh mis' i bhfad ag gabháil cheoil W: Gur chruinnigh go leor 'un toigh' W: Achan fhear is a ghloine 'n a dhorn W: Le comhmóradh a thabhairt don dís W: W: Bhí biotáilte fairsing go leor W: A rabh beagán dá ól sa tír W: 'S dá dtarraingeoinn-se galún Uí Dhomhnaill W: B'fhurast mo scór a dhíol W: W: Nuair a lig muid dúinn tuirse is brón W: Sé d'fhiafraigh an óigh-bhean díom W: Cá mbíonn tú 'do chónaí sa lá W: Nuair nach gcoinníonn tú cró duit féin? W: W: Bím-se seal 'dtoigh an óil W: Cha deánaim-se lón don phingin W: A' meid údaidh a shaothraím sa lá W: A chathamh le spórt san oích' W: W: Má's fear thú a leanas don ól W: Cha mholaim rómhór do thrade W: Nó chan iarrfainn ar dhuine de do sheort-sa W: Toiseacht le buaidhreadh an tsaoil W: W: Is fearr dúinn fanacht go fóill W: Go ndeánaidh muid lón don phingin W: Is go rabh againn an t-ór W: Is cuidiú d'ár gcóir aríst W: W: Le fanacht go ndeánaidh muid lón W: Caithfear cuid mhór d'ár saol W: Is fearr dúinn toiseacht go h-óg W: 'S beidh cuidiú d'ár gcóir aríst W: W: Do leithéid char casadh go fóill W: Dom i mbealach ná i ród 'mo thriall W: 'S dá mbeinn-se i mBéal-an-Átha Mór W: Gheobhainn cailíní óg' ar phingin